Cheiliúramar Seachtain na Gaeilge san Ardscoil an tseachtain seo caite agus bhí an-spraoi againn ar ndóigh! Ar dtús, chuaigh an scoil go léir chuig an bpictiúrlann agus d’fhéachamar ar an scannán iontach, An Cailín Ciúin. Míle buíochas le Eugene agus gach duine eile sa phictiúrlann as an deis sin.
Bhí roinnt imeachtaí ar siúl ar scoil freisin. Dé Luain, bhí céilí mór ag an idirbhliain leis na buachaillí ó Scoil na mBráithre. Táispeántas rince iontach a bhí ann gan amhras! Is dócha go bhfeicfimid cuid de na daoine óga seo ar an ardán le Riverdance amach anseo!
Bhí céilí ranga ag gach bliain eile, chomh maith le maidin tae don chúigiú agus séú bliain agus tráth na gceist boird don chéad is dara bliain, eagraithe ag na cailíní ón idirbhliain. Freisin, bhí comórtas postaeir agus comórtas TikTok ar siúl i rith na seachtaine. Seachtain an-ghnóthach ar fad a bhí againn. Míle buíochas le gach duine a ghlac páirt ann. Ba bhreá an rud é an Ghaeilge a chloisteáil agus traidisiúin na nGael a fheiceáil timpeall na scoile!